Rubberbandits, I wanna fight your father (as gaeilge) lyrics
68 rate or flag By ozirock
Rubberbandits, I wanna fight your father (As Gaeilge)
Rubberbandits, I wanna fight your father lyrics as gaeilge
Níl sárú ar d’áilleacht
Is tú mo mhíle grá
Is caillfear mé gan phóg uait
A stór, tabhair dom mó lámh
Ach ní maith le d’athair mise
A ghráin ar mo leithéid
Raghaimid i mbun troda
Chun go mbeifeá I mo bhé
Róisín, ba mhaith liom bruíon le d’athair
Róisín, ba mhaith liom bruíon le d’athair
Táim i’m mháistir I gKarate
Is saineolaí i gKung Fu
Crústálfaidh mé an cac as
Chun a mheoin a athrú
Mar do stumpa asail d’athair
Is réiteach atá uaidh
Ach do stumpa asail d’athair
Ní hé atá chomh cruaidh
Taím chomh láidir le Cú Chulainn
Is chomh haclaí le Fionn mac Cumhaill
Níl leaid eile in Éirinn
A shásódh do dhúil
Róisín, ba mhaith liom bruíon le d’athair
Róisín, ba mhaith liom bruíon le d’athair
An dtuigeann sé go ndéanfainn aon rud
Chun mo ghrá dhuit a chruthú
Gur ghoid mé ceithre roth a chairr uaidh
Chun íoc as do thatú
Dúirt sé go bhfuil a fhios aige
Go mbeidh do chroí briste
Ach dá mbeadh dhá shúil dhubh aige
Hí hé a bheadh cliste
Déanfaidh mise smidiríní beaga as a cheann
Scaoilfid a phutóga as a bholg le mo lann
Róisín, ba mhaith liom bruíon le d’athair
Róisín, ba mhaith liom bruíon le d’athair
An Ághasach 12 months ago
Nach aoibhinn na liricí seo, aistrithe le dealramh!